Soláthraíonn Roinn Ailtire na Cathrach comhairle agus seirbhísí ailtireachta don Chomhairle Cathrach, do Bhainisteoir na Cathrach, don Stiúrthóir Seirbhísí agus do Cheannairí Feidhme. Sa bhreis ar na seirbhísí seo a sholáthar, tá ról níos leithne ag Roinn Ailtire na Cathrach i gcur chun cinn agus spreagadh na feasachta ailtireachta agus dearaidh, go háirithe i measc na ngeallsealbhóirí a bhfuil forbairt na cathrach mar ábhar cúraim dóibh, i dtábhacht sóisialta agus chultúrtha na hailtireachta agus na timpeallachta tógtha sa chathair a aithint; ag spreagadh feabhais i gcaighdeán na timpeallachta tógtha, trí glacadh le coinníollacha a chabhródh le hailtireacht mhaith a tháirgeadh agus an oidhreacht ailtireachta a chosaint, agus trí chleachtas feabhsaithe a spreagadh sna hearnálacha poiblí agus príobháideacha araon; agus coincheap na hinbhuanaitheachta a chur chun cinn i ndearadh, i dtógáil, i bhfeidhmiú, i gcothabháil agus i bhfeabhsú foirgneamh.
Uaireanta Oifige: 9 r.n. go 5 i.n. Luan go hAoine, seachas laethanta saoire poiblí.
Guthán: 021 492 4335 / 4338 / 4251
Facs: 021 4924609
Roinn Ailtire na Cathrach, Halla na Cathrach, Sráid Anglesea, Corcaigh.
rphost: city_architect@corkcity.ie