Gaeilge

Dún Eilíse

Fáilte go dtí suíomh idirlín Dún Eilíse. Tá súil againn go bhfaighfeá gach eolais atá uait ar an leathanach seo. Sa chaoi go bhfuil aon rud de dhíth, seol teachtaireacht chugainn ag an seoladh ríomh-phoist seo

model soldiers

Uaireanta Oscailte

Bealtaine - Meán Fómhair

Luan - Satharn .......... 10.00rn - 5.00in

Domhnach .................. 12.00rn - 5.00in

Deireadh Fómhair - Aibreán

Máirt - Satharn ......... 10.00rn - 5.00in

Domhnach .................. 12.00rn - 5.00in

Tá sé saor in aisce dul isteach sa dún


turas treoraithe le fáil gach lá ag 1.00in. Tá costas €5 an duine don seirbhís seo ach tá sé saor in aisce do pháistí dhá bhliain déag d'aois nó níos óige.

Tá turas treoraithe do ghrúpaí le fáil chomh maith. Má tá a leithéid ag teastáil, cur glaoch orainn ag +353-21-4975947 nó seol ríomh-phoist chugainn.

Más mian leat siúl timpeall an dúin as do stuaim fhéin, d'fhéadfása turas fuaime a thógaint amach ar cíos uainn ar chostas €2 an duine. Tá siad le fáil i roinnt mhaith teangacha, an Ghaeilge san áireamh. Tá leabhrán beag a théann leis an turas fuaime le h-íoslódáil ag bun na leathanaigh seo le tuilleadh eolais ann.

Is oth linn a rá go mbeadh deacrachtaí ag duine le cathaoir rothaí sa dún toisc dromchlaí mí-chothroma agus staighrí.

Taispeántas - Ballaí Mná Uisce

Walls Water Women Exhibition

Tá taispeántas iontach, dá-theangach lonnaithe sa sean-bhearaic ag cur síos ar stair an dúin. Ná déan dearmad bhogadh isteach chun breathnú air, agus tú ag tabhairt chuairt ar Dún Eilíse.

Le cabhair Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa trí an tionscadal MMIAH agus Chomhairle Cathrach Chorcaí, a chuireadh an teaspántas seo le chéile i 2019.